questions


Ceisteanna Bealach maith le cabhrú le daoine eile ábhar a mhachnamh is ea ceist a chur orthu ina leith. Nuair a cuirtear ceist mhaith, cuidíonn sé linn eolas a tharraingt le chéile, na smaointe atá againn a mheas agus smaointe nua a chruthú. Ceistiú Sócraiteach a tugtar air cheisteanna a chur go sonrach le cuidiú le daoine foghlam, ainm a thagraíonn do Shócrait sa Ghéig Ársa. Ní mór, le ciesteanna shócraiteacha, éisteach go han-chúramach leis an duine eile le cuidiú leat do cheist a mheas agus a chur ar bhealach cuiditheach, inchiallaithe agus neamhionsaitheach. Samplaí iad seo dá leithéid de cheisteanna: Ceisteanna léiriúcháin Céard atá i gceist agat nuair a deir tú ______? Cén phríomhphointe atá agat? Cén chaoi a mbaineann _____ le _____? An bhféadfá é sin a rá ar shlí eile? Fan go bhfeicfidh mé an dtuigim i gceart thú; an é _____ nó _____ atá i gceist agat? Cén chaoi a gceanglaíonn sé seo leis an bhfadhb/ábhar plé/leis an gceist s'againne? Orla, an bhféadfá achoimre a thabhairt i do chuid focail féin ar an méid a dúirt Darach? ... Dharach, an é sin a bhí i gceist agat? An bhféadfá sampla a thabhairt dom? An sampla maith é _____ de sin? Ceisteanna a thóraíonn foshuíomhanna Céard lena bhfuil tú ag glacadh anseo? Céard lena bhfuil Sinéad ag glacadh? Céard eile a bhféadfaimis glacadh leis ina áit? Deabhraíonn sé go bhfuil tú ag glacadh leis go _____. An dtuigim i gceart thú? Tá do chuid réasúnaíochta ar fad ag brath ar an tuairim go _____. Cén fáth ar bhunaigh tú do réasúnaíocht ar _____ seachas _____? Deabhraíonn sé go nglacann tú leis _____. Cén chaoi a bhfírinníonn tú glacadh leis sin? An mar sin a bhíonn i gcónaí? Cén fáth a gceapann tú gur fíor an foshuíomh anseo? Cén fáth go nglacfadh duine leis gur fíor sin? Ceisteanna a thóraíonn cúiseanna agus fianaise An bhféadfá do chuid cúiseanna a mhíniú dúinn? Cén chaoi a mbaineann sé sin leis an gcás seo? An bhfuil aon chúis ann gan brath ar an bhfianaise sin? Cé atá in ann fios a bheith acu gur fíor é sin? Ceard a déarfá le duine a dúirt go ____? An bhfuil fianaise ag éinne eile le tacú leis an dearacadh sin? Cén réasúnaíocht a bhí agat le teacht ar an gconclúid sin? Cá bhfaigheadh muid amach an fíor é sin? Ceisteanna maidir le dearcadh nó le peirspictíocht Cé atá á impleachtú agat ansin? Nuair a deir tú _____, an bhfuil tú á chur i leith go _____? Ach,dá dtarlódh sé sin, cén toradh a bheadh air? Cén fáth? Cén tionchar a bheadh aige sin? An gá go dtarlódh sé sin nó an é nach bhfuil ann ach seans / dóchúlacht go dtarlódh sé? Cén mhalairt atá ann? Más fíor _____ agus _____, céard eile a d'fhéadfadh a bheith fíor? Má deirimid go bhfuil ____ eiticiúil, céard faoi _____? Ceisteanna a thóraíonn impleachtaí agus iarmhairtí Cén chaoi a bhfaighidh muid amach? Céard leis a nglacann an cheist seo? An gcuirfeadh _____ an cheist seo ar bhealach difriúil? An bhfuil réiteach na ceiste seo ag éinne? An féidir linn an cheist seo a bhriseadh síos ar chor ar bith? An bhfuil an cheist seo soiléir? An dtuigeann muid í? An bhfuil sé éasca nó deacair an cheist seo a fhreagairt? Cén fáth? An aontaíonn muid ar fad gurb í seo an cheist? Leis an gceist seo a fhreagairt, cé na ceisteanna eile is gá dúinn a fhreagairt ar dtús? Cén chaoi a gcuirfeadh _____ an saincheist in iúl? Cé tábhacht a bhaineann leis an saincheist seo? An í seo an cheist is tábhachtaí, nó an bhfuil focheist ann? An bhfeiceann cé mar a cheanglaíonn sé seo le ________? Ceisteanna curtha in oiriúint ó Paul, R. (1993). Critical Thinking: How To Prepare Students for a Rapidly Changing World: Foundation for Critical Thinking, Santa Rosa, CA. Tuilleadh eolas maidir le scríobh Tuilleadh eolais maidir le léamh

Wyszukiwarka

Podobne podstrony:
questiontypes
questionsperpage
questions
subject object questions
ac test 5 question paper
IINS PRACTICE QUESTIONS
questionoption
questionoption
May 2003 History SL & HL Paper 1 Question Booklet
questionoption
question matching
Depeche Mode A Question Of Lust
Shadowrun 4th?ition Questions
questiontypes

więcej podobnych podstron